Page 24 - royal-times-17-18
P. 24
Seachtain na Gaeilge
Céiliúradh Seachtain na Gaeilge sa Scoil Ríoga idir an 12ú
agus an 16ú Márta, 2018. I rith na seachtaine rinneadh an-
iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugadh seans
do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhí ar
siúl sa scoil. Rinneamar cinnte go raibh deis ag na daltaí ó
thíortha eile blas den chultúr a fháil chomh maith. Bíonn
sé mar aidhm againn i gconaí sa scoil seo meon dearfach
a chruthú i measc na ndaltaí, na múinteoirí ar fad agus
na tuismitheoirí ó thaobh an teanga Ghaeilge í féin agus
Ranganna Damhsa : Rang 2R/S agus Iníon Ní Mhuruchú. an chultúr Gaelach. Eagraíodh go leor imeachtaí i rith na
seachtaine, ceardlann rince, tráth na gceist, comórtaisí agus
go leor rudaí eile. Is léir ón aiseolasis atá faighte againn ó na
daltaí agus dreamanna eile gur sheachtain iontach í!
Ceardlann Rince
Reachtáladh ceardlann rince do na daltaí sa dara bliain.
Gan aon agó, ceardlann an-rathúil a bhí ann. Bhí Iníon Ní
Mhuruchú, damhsóir den chéad scoth i mbun na ceardlainne.
Thaispeáin Iníon Ní Mhuruchú cúpla steipeanna bunúsacha
Buaiteoirí Tráth na gCeist: Iníon Ní Dhuinneagain, Jamie Griffith, Megan do na daltaí agus bhain said triail astu leis an gceol nuair a
Griffith-Keane, Veronika Tineva, An tUasal Ames. bhí siad cleachtaithe acu. Roimh dheireadh na ceardlainne
bhí damhsa iomlán ar eolas acu agus ceaptar go bhfuil an
chéad Jean Butler eile inár measc! Rang an-taitneamhach
a bhí ann.
Tráth na gCeist.
Mar is gnáth do Sheachtain na Gaeilge d’eagraigh luct
na hidirbhliana agus Roinn na Gaeilge Tráth na gCeist. I
mbliana tugadh deis do dhaltaí na céad bhliana páirt a
ghlacadh ann agus gan aon agó bhain na daltaí go léir sult
Comórtas na bpostaeir: An tUasal Ames, Graeme Garland, Fabio Elliot, Faith agus aoibhneas as an iomaíocht ghéar. Bhí ceathrar ar gach
Jameson, Iníon Ní Dhuinneagain. fhoireann agus bhí babhtaí eagsúla ann. Bhuaigh na daltaí
seo a leanas an Tráth na gceist: Jamie Griffith, Megan Griffith
– Keane & Veronika Tineva.
Comórtas na bpostaeir.
Rinneadh an-iarracht sa chomórtas seo i mbliana agus bhí
fadhb ag Iníon Ní Bhurns an ceann is fearr a roghnú. Faoi
dheireadh bhí an lámh in uachtar ag Graeme Garland, Fabio
Elliot agus Faith Jameson.
Gaeilgeoir na Seachtaine.
Mar is gnáth do Sheachtain na Gaeilge anseo i Scoil Ríoga an
Chabháin tugadh deis do dhaltaí na chéad bhliana Gaeilge
a labhairt i rith na seachtaine agus bronnadh teastas do na
Gaeilgeoir na seachtaine. daltaí a rinne an iarracht is fearr.
Míle buíochas do na daltaí agus na múinteoirí go léir a ghlac
páirt sna himeachtaí go léir. Is fíor an Seanfhocail “ Beatha
teanga í a labhairt.”
Roinn na Gaeilge : An tUasal Ames / Iníon Ní Dhuinneagain.
Scolaireachtaí Gaeilge.
Bronnadh scolaireachtaí ó Choláiste na bhfiann do na daltaí
seo a leanas: Colin Dugdale, Laura McClean & Stuart Smyth
Scolaireachtaí Gaeilge.
Bronnadh scolaireachtaí ó Choláiste na bhfiann do na daltaí seo a leanas:
24 Colin Dugdale, Stuart Smyth & Laura McClean. The Royal Times 2017-2018