Page 70 - royal-times-13-14
P. 70
SeACHTAin nA GAeilGe
Céiliúradh Seachtain na Gaeilge sa Scoil Ríoga idir an 10ú agus an 14ú Márta, 2014. I rith na
seachtaine rinneadh an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugadh seans do gach duine páirt
a ghlacadh sna himeachtaí a bhí ar siúl inár scoil. Is rud fíorthábhachtach dúinn é ilchultúrachas. I
mbliana cuireadh an-bhéim ar an rannpháirtíocht agus ag smaoineamh ar an rath a bhí ag an tóstal sa
bhliain atá imithe, rinneamar cinnte go raibh deis ag na daltaí ó thíortha eile blas den chultúr a fháil
chomh maith. Bíonn sé mar aidhm againn i gconaí sa scoil seo meon dearfach a chruthú i measc na
daltaí, na múinteoirí ar fad agus na tuismitheoirí ó thaobh an teanga Ghaeilge í féin agus an cultúr
Gaelach. Eagraíodh go leor imeachtaí i rith na seachtaine, ceolchoirm, ceardlann rince, tráth na gceist,
comórtais agus go leor rudaí eile. Is léir ón aiseolasis atá faighte againn ó na daltaí agus dreamanna
eile gur seachtain iontach í!
An Sean-nós
Reachtáladh ceardlann sean-nós do na daltaí
sa dara bhliain ar an Máirt. Gan aon agó,
ceardlann an-rathúil a bhí ann. Bhí fonn ar na
daltaí ranganna sean-nós a dhéanamh gach
seachtain! Bhí Marian Crowe, damhsóir den
chéad scoth i mbun na ceardlainne. Thaispeáin
Marian cúpla steipeanna bunúsacha do na
daltaí agus bhain said triail astu leis an gceol
nuair a bhí siad cleachtaithe acu. Roimh
dheireadh na ceardlainne bhí damhsa iomlán
ar eolas acu agus ceaptar go bhfuil an chéad
Michael Flately eile inár measc! Tráthnóna an-
Ranganna Sean-nós le Marion Crowe.
taitneamhach a bhí ann.
70 The Royal Times 2013-2014